Bhí lá stairiúil againn sa scoil i Mí na Nollag. Ar 6ú lá bhuaigh foireann iománaíochta faoi 16 na scoile Craobh an Chontae sa roinn ‘D’ go héasca. Tar éis dhá thaispeántais láidir i gcoinne Coláiste Pobal Bheanntraí agus Scoil Mhuire Ceann Tuirc-bhaineamar Craobh an Chontae amach i gcoinne Coláiste Fionnchua. Bua den scoth a bhí ann sa chraobh, ar scór 5-14 in aghaidh 1-2. Tá buachaillí agus cailíní na scoile tar éis a ndícheall a dhéanamh le trí bliana anuas agus is iontach an rud é toradh a gcuid oibre a fheiceáil anois. Comhghairdeas ó chroí libh!