Bhí cad é mar cheol agus rince faoin aer againn ar an gCéadaoin, an 23ú Bealtaine, nuair a tháinig Rang a 5 ó Ghaelscoil Charraig Uí leighin chugainn ar chuairt le haghaidh céilí le daltaí tarna bliana na scoile. Bhí sé soiléir go bhfuil ceol sna cosa ag an-chuid dóibh, agus b’iontach an craic agus spraoi a bhí acu.