Gníomhachtaí Seach-Churaclaim

Tuigimid, i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, a thábhachtaí is atá forbairt fhisiciúil, shóisialta agus mhaoithneach an duine óig, agus chomh mór is a shaibhríonn sí an fhoghlaim. Molaimid rannphairtíocht na ndaltaí i réime leathan gníomhachtaí spóirt, ceoil, ealaíne, eolaíochta, cultúrtha, timpeallachta agus aruile. Cuirimid béim ar rannpháirtiocht, comhoibriú agus féinfhoghlaim sna himeachtaí uile a chuirtear ar fail. Tugtar tús aite d’imeachtaí cultúrtha na hÉireann ar aon dul le héiteas na scoile.

I measc na n-imeachtaí spóirt a chuirfear ar fáil tá Peil, Iománaíocht, Camógaíocht, Cispheil, Lúthchleasaíocht, Haca, Snámh, Treodóireacht, Spórt Uisce, agus aruile.