Tá ar ndaltaí tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh i mbliana i réimse leathan gníomhaíochtaí.

Sa Pheil Ghaelach, tá ár gcailíní agus ár mbuachaillí tar éis sár iarracht a dhéanamh go dtí seo. D’éirigh leis na cailíní faoi 14 1/2 cluiche ceathrú ceannais an chontae a bhaint amach agus beidh na buachaillí ag imirt i gcluiche leathcheannais an chontae go luath. Comhghairdeas libh!

Tá éacht déanta ag ár lúthchleasaithe i mbliana. Ghlac grúpa mór pairt i gComórtas Trastíre an Chontae agus bhain triúr daltaí Craobh na Mumhan amach. Anuas ar sin, cháilligh beirt dóibh siúd le haghaidh Craobh na hÉireann! Beidh siad ag taisteal chuig Béal Feirste chun páirt a ghlacadh ann. Molaimid ár ndaltaí ar fad a ghlac páirt sna comórtais trastíre ar fad.

Sa Spikeball, thaisteal na buachaillí go Dún Garbháin chun páirt a ghlacadh sa Bhabhta Cáilithe do Chraobhchomórtas na hÉireann. Shroicheadar an cluiche ceannais, ach níor cháiligh siad le haghaidh Craobhchomórtas na hÉireann. D’fhreastal na cailíní ar Bhabhta Cáilithe i dTrá Lí, ach bhí mí-ádh orthu chomh maith.

Bhí cúpla bua againn chomh maith i gComórtas Snámh Scoile na Mumhan.

Bhí cuairteanna iontacha againn ó iománaí Chorcaí Stephen McDonnell mar chuid den scéim Sky Sports For Living agus ceann an-tairbheach ó Niamh McCarthy – ár laoch áitiúil ó Chluichí Parailimpeacha Rio 2016. Táimid an-bhuíoch astu as an ngaisce a rinneadar ag cur an spórt chun cinn.