D’éirigh le foireann chispheile fé 16 na mbuachaillí Ceathrú Craobh an Chontae a bhaint amach. Éacht a bhí ann i ndiaidh dóibh an bua a fháil ar Mheánscoil na mBraithre Chríostaí agus Coláiste Naomh Cólmáin ó Mhainistir na Corann, chomh maith le bua ar Choláiste Naomh Brógáin. Imríodh an Ceathrú Craobh i bPobalscoil Sciobairín. Cé gur léiríodar cumas den scoth is croí níor éirigh leo. Beidh lá eile ag an bPaorach.