Folláine i nGaelcholáise Charraig Uí Leighin

Tá níos mó airde á díriú ar fholláine in go leor córais oideachais.  Tá tionchar ag Coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, ina leagtar béim ar cheart páisti chun a gcumas iomlán a bhaint amach agus a bheith páirteach I gcinntí a bhaineann leo, air seo.  Tá cur chuige bunaithe ar chearta i leith na folláine úsáideacht mar cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil an fholláine tábhachtach mar go mbíonn torthaí oideachais níos fearr ag baint leis nó go bhfuil sé d’acmhainn ann dul i bhfeidhm ar thorthaí na ndaoine óga mar dhaoine fásta, ach ní ar na cúiseanna sin amháin.  Tá tábhacht leis an bhfolláine san am i láthair.  Tá an fholláine tábachtach aisti féin mar tá sé de cheart ag gach scoláire a bhrath go bhfuil aire á tabhairt dó ar scoil.

Is féidir féachaint ar an óige mar phróiseas dea–fhorbartha ina bhfaigheann daoine óga an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus na dearcthaí a chothóidh iad i rith a saoil ar fad.  Aistear ar feadh an tsaoil atá ann, ach tá ról tábhachtach ag scoileanna ann.  Is é sprioch na folláine an bláthú daonna agus braitheann bláthú ar chúig cholún:  mothúchán dearfach, rannpháirtíocht, caidrimh, brí agus éachtai.  Nuair a bhíonn páistí agus daoine óga ag ‘bláthú’, ní amháin go mbíonn siad fiosrach agus ag súil le foghlaim, bíonn said:

  • cruthaitheach agus samhlaíoch

 

  • ceangailte agus ionbháúil

 

  • go maith mar bhall foirne

 

  • muiníneach fúthu féin

 

  • athléimneach agus seasmhach

 

  • dearfach fúthu féin agus a bhfeiceáil féin ag fás ina ndaoine níos fearr

 

Am criticiúil i saol daoine óga is ea blianta na Sraithe Sóisearaí.  Bíonn daoine óga faoi thionchair éagsúla agus bíonn gá acu le tacaíocht chun cinntí dearfacha freagracha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine féin agus le folláine daoine eile.  Baineann folláine sa tSraith Shóisearach le daoine óga a bheith ag mothú muiníneach, sona sláintiúil agus i dtegmháil le daoine agus leis an saol.

Is ann d’fholláine an scoláire nuar a éiríonn leis an scoláire barr a chumas a bhaint amach, nuair a thugann sé aire dá fholláine choirp, má éiríonn leis déileáil le gnáthstrus an tsaoil, agus má mhothaíonn sé go bhfuil braistint chomhuintearais aige le pobal níos leithne.

 

Cuirtear béim ar léith ar rannpháirtíocht ár ndaltaí sa Clár Folláine i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, agus go háirithe ar na gnéithe seo den Fholláine:

  • a beigh sláintíuil agus gníomhach go fisiciúil

 

  • a bheith slán

 

  • a bheith dearfach faoin bhfoghlaim

 

  • a bheith sóisialta

 

  • a bheith fregrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid

 

  • a bheith muiníneach

 

  • a bheith spioradálta