Bhí ár ndaltaí ag barr an ranga oíche aréir agus an clár ‘Mentor-a-Parent’ á mhúineadh acu chuig a dtuismitheoirí. Pléadh sábháilteacht idirlíne agus na meáin sóisialta ann. Thug an ceardlann deis iontach do thuismitheoirí tuilleadh eolas a fháil ar na hábhair seo, agus fuaireadar an-chuid amach i rith na hoíche. Tréaslaimid go mór leis na daltaí a ghlac páirt ann.