
Plean Taistil Scoile
Campas Oideachais Charraig Uí Leighin
- Tá breis is sochtó spásanna rothar ar fáil sa scoil. Tá an bóthar go dtí an scoil cóirithe le lána ar leith le haghaidh rothair.
- Eagrófar laethanta cosúil le ‘Siúl ar Scoil’ agus ‘Tabhair do Rothar ar Scoil’ uair sa téarma, faoi stiúir an Coiste Timpeallachta.
- Déanfar iarracht daoine a spreagadh an cúpla céad méadar deireanach den turas a shiúl muna féidir leo an turas ar fad chuig na scoile a shiúl.
- Roinnfear an Plean seo le gach ball de phobal na scoile agus tarraingeofar árd ar fhreagracht phearsanta gach éinne ó thaobh párcáil agus sábhailteachta de.
Trácht a Laghdú
- Bogadh am tosnaithe na scoile go 08:45r.n. chun brú tráchta na Gaelscoile a sheachaint.
- Beidh staidéar maoirsithe ar siúl ar a laghad dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine. Laghdóidh sé seo an méid daoine a bheidh ag dul abhaile ag a 3:30i.n.
- Osclaítear an scoil ag a 08:00r.n. Tagann daltaí ar scoil ón am seo ar aghaidh. Is mór an cabhair é seo chun brú tráchta na maidine a laghdú.
- Beidh Maor Tráchta i bhfeighil ar phárcáil taobh amuigh den scoil. Ní ligfear d’aon pháirceál a chruthaíonn baol slainte agus sábháilteachta ar shuíomh na scoile.
- Le cabhair Coiste na dTuistí, déanfar áird a tharraingt ar comharsain na scoile, agus na himpleachtaí a bheidh againn orthu le parcáil sna eastáit tithíochta sin.