Tá an Roinn Bhéarla ag dul ó neart go neart i mbliana. Chomh leis an bhforbairt leanúnach a déantar ar an leabharlann, tá na ranganna Béarla tar éis imeacht ar turasanna tairbheacha. Ar an gcéad dul síos, chuaigh an chéad bhliain agus an Idirbhliain go dtí Graffiti Theatre le déanaí inar déanadh an cheardlann ‘Fighting Words’ leo – ceardlann bunaithe ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Chuaigh an tríú bliain ar dhá thuras iontach chomh maith chun beocht a chur in ábhair an seomra ranga. Chuadar go dtí ‘Romeo & Juliet’ san Everyman ag tosach na bliana agus i Mí an Mhárta chuadar chun ‘Blood Brothers’ a fheiceáil san INEC.