Bhí bua den chéad scoth ag an bhfoireann sinsear camógaíochta i gcluiche cheannais an chontae ar an 26ú Samhain. D’imríodar in aghaidh Coláiste Muire Réalt na Mara, Bun an Tabhairne sa cluiche sin. Cluiche an-chóngarach agus cothrom a bhí ann le árdchaighdeán scil á léiriú ag na cailíní. Is é seo an chéad uair gur bhuaigh an scoil comórtas an chontae ag leibhéal na sinsearaigh, agus gan amhras, cúis céiliúradh ullmhór a bhí ann dúinn go léir.