Céiliúradh 10 mBliana na scoile ar an 15ú Nollag, 2025 le cuairt an Taoisigh ar an scoil. Lá thar laethanta a bhí ann do chách, le spioraid agus éiteas na scoile le feiscint go soiléir. Chuir an Chéad Bhliain fáilte roimh an Taoiseach le Garda Onóra, bhí Comhairle na nDaltaí páirteach i mbronnadh na siombail scoile agus bhí ceolfhoireann agus cór na scoile i lár an aonaigh agus iad ag seinm ceol agus ag canadh amhráin i rith na hócáide. Deis iontach a bhí ann breathnú siar ar an méid atá bainte amach ag an scoil speisialta seo laistigh de 10 mbliain agus cúis bhród do chách a bhí ann. Gabhaimid buíochas ar leith leis an Taoiseach as a bheith linn, araon leis na haíonna speisialta eile. Ar aghaidh linn don chéad 10 eile anois!