Ceann des na coinní is tábhachtaí a dhéanfaidh aon teaghlach ná an rogha scoile a dhéanann siad dá bpáiste. Táimid an-bhródiúil i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin as ár scoláirí, ár scoil agus an eiteas scoile atá againn. Ba mhian liom ár scoil a chur ós do chomhair agus ár luachanna agus an eiteas a léiriú daoibh.

Is í bunchloch na hoibre seo i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin ná foghlaim ár scoláirí. Cuirtear an-bhéim ar an múinteoireacht agus an fhoghlaim i gcónaí. Cuirimid an-bhéim chomh maith ar an nGaeilge. Tuigimid gur cuid lárnach d’ár n-oidhreacht í agus déanaimid sár-iarracht í a chur chun cinn i measc na scoláirí. Tugaimid tacaíocht den scoth do na scoláirí i dtreo is go mbainfidh siad barr a gcumas amach go hacadúil, go pearsanta agus go sóisialta. Léirimid meas, cothromaíocht agus ionracais ar a gcéile i gcónaí. Beidh léargas an oideachais ina gcrann taca fad a saoil.

Cuirimid an-bhéim chomh maith ar imeachtaí iar-churaclaim. Tuigimid a thábhachtaí is atá sé go ligeann scoláirí a scíth, go mbaineann siad taitneamh as an scoil agus go nglacann siad páirt in imeachtaí scoile. Tuigimid gurb iad Ceannairí an lae amáraigh iad. Ar an ábhar sin, Is scoil iPad í an scoil seo. Tá scoth na teicneolaíochta againn chun na módhanna múinte is nua-aimsearthaí a úsáid ar mhaithe le dul chun cinn teagaisc agus foghlama. Déanaimid ábhair ar nós Corpoideachas na hÁrdteiste agus Ríomheolaíocht a thairiscint mar chuid den churaclam don Árdteist. Bainimid leas as na straitéisí teagaisc is nua-aimsearthaí, agus dírimid isteach ar an bhfoghlaim a bheith taitneamhach agus tairbheach.

Mar chuid lárnach den fhoghlaim, leagtar béím rí-thábhachtach ar an sláinte fhisiciúil agus sláinte intinne. Déanaimid cúram d’fholláin gach scoláire sna córais tréadchúram agus mheantóireachta atá againn. Tá foireann den scoth againn a thugann togha na h-aire des na scoláirí. Spreagann siad na scoláirí agus tugann siad tacaíocht dóibh barr a gcumas a bhaint amach.

Táimid ag siúl go mór leis an todhchaí amach romhainn anseo agus sinn ag tógaint scoil a fhreastalaíonn ar riachtanisí oideachais lán-Ghaelaigh phobal Charraig Uí Leighin agus pobal an cheantair mháguaird. I dteannta ár ndaltaí, ár dtuismitheoirí, ár mBórd Bainistíochta agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, is pobal foghlama sinn atá ag feidhmiú as lámha a chéile de shíor. Bímis ag tacú lenár bhfoghlaimeoirí agus lena chéile, le súil ghéar ar ár mbunphrionsabail: meas, cothramaíocht agus ionracas.

Le dea-mhéin

Donnchadh Ó Cróinín

(021) 4372901

eolas@gaelcholaistecul.ie