Tugtar tús áite do shláinte agus sabháltacht an pháiste i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Tá an tréadchúram mar bhunchloch an chórais tacaíochta agus, tuigimid gur tábhachtaí ar fad tacaíocht, dea-chomhairle agus timpeallacht cháirdiúil a chur ar fáil do dhaltaí agus iad ag gabháil trí bhlianta na déagóireachta. I dteannta na struchtúr foirmeálta, is cur chuige uile-scoile atá againn, agus tá ról lárnach ag gach ball foirne cur le timpeallacht tacúil na scoile.

Tá ár bPolasaí Tréadchúraim ar fáil thíos;

An Polasaí Tréadchúraim