Déanann Coiste Timpeallachta na scoile an-chuid oibre chun áird gach ball scoile a tharraingt ar an timpeallacht a choimeád glan, fuinneamh a shábháil, agus an scoil a chóiriú le plandaí agus bláthanna. Is Coiste an-ghníomhach ar fad iad i mbliana áit inar cuireadh feachtas ar siúl chun na seomraí ranga a choimeád glan. Chomh maith le sin, bhíodar gnóthach le linn na bliana ag cur plandaí agus bláthanna timpeall chomh maith. Buíochas mór le gach ball den choiste agus l’Iníon de Bhailís as an gcoiste a stiúradh.