Spreagaimid daltaí go bliaintiúl páirt a ghlacadh i gComórtas an Eolaí Óig. Tá traidisiún láidir againn leis an gcomórtas ag an bpointe seo, le grúpaí ag glacadh páirt ann go bliaintiúl, agus go leor gradaim buaite ag na daltaí sin freisin. Is ócáid den chéad scoth a bhíonn ann, agus bíonn eispéiris foghlama saibhir ag gach dalta a ghlacann páirt. Ní hamháin go bhfoghlaimítear faoin Eolaíocht, ach bíonn ar na iarrathóirí tionscnamh a chur i gcrích, é a chur i láthair os comhair moltóirí agus ceisteanna a fhreagairt air. Bíonn go leor spraoí ann freisin, agus deis iontach a bhíonn ann cairde nua a dhéanamh. 

About Us

About Us page text

Categories