Moltaí d’úsáid sábháilte an iPad

Moltar do gach dalta na treorlínte seo a leanúint nuair atá an iPad in úsáid acu;

Moltaí d’úsáid sábháilte an iPad

 

Tá réimse leathan d’imeachtaí am lóin ar siúl sa scoil faoi lathair. Tugtar deis do dhaltaí scileanna nua a fhoghlaim agus píosa spraoi a bheith acu lena gcairde. Cuirtear fáilte roimh cách páirt a ghlacadh. Tá tráthchlár na himeachtaí le feiscint thíos:

Imeachtaí Am Lóin

    Lá An Luan   An Mháirt        An Mháirt  

An Déardaoin

 

  An Déardaoin   An Aoine
 

Gníomh

 

 

Coiste Timpeallachta

 

Club Cheoil Coiste Ghaelbhratach Coiste Gaelbhratach Ciorcal Cainte Club Fichille agus Cluichi Cláir
 

 

Ionad

 

 

Seomra 5

 

Seomra 1

 

Seomra 5

 

Seomra 4

 

Seomra 1

 

Seomra 1

 

 

Am

 

 

13:20-13:35

 

13:20-13:40

 

13:20 – 13:40

 

13:15-13:35

 

13:20-13:40

 

13:15-13:35

 

Tá fíor Eolaí Óg ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin anois tar éis dhá ghradam a bhuachaint ag an gcomórtas i mBaile Átha Cliath ar an Aoine! Bhain Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin dhá dhuais mhór amach ag taispeántas an Eolaí Óg & Teicneolaíochta an tseachtain seo caite. Bhuaigh Tomás Ó Cróinín, dalta sa tríú bliain, an chéad áit sa roinn Teicneolaíochta Idirmheánach agus gradam ar leith ó “Intellectual Ventures”. Rinne Tomás a thionscnamh ar dhordán agus an t-ualach atá siad in ann iompar. Thosaigh an obair seo anuraidh, nuair a lorg Tomás gaoth-thollán sa cheantar chun a thurgnaimh a dhéanamh. Faraor, ní raibh gaoth-thollán mór go leor go háitiúil chun a thurgnaimh a dhéanamh. Níor chuir sé seo isteach air agus thóg sé gaoth-thollán sa bhaile! Tar éis na míosa a chaitheamh air agus neart constaicí, thosaigh sé ag déanamh na turgnaimh lena dhordán a bhí oiriúnaithe aige féin. Léirigh a thorthaí go bhféadfadh a dhordán ualach níos mó a iompar agus taisteal níos faide, trí sciathán breise a chuir ar an dordán. Toradh an-dearfach a bhí ann. Beidh an deis ag Tomás anois taisteal go Seattle, áit ina bhfuil an comhlacht Intellectual Ventures lonnaithe, áit ina mbuailfidh sé lena n-aireagóirí agus ina bhfeicfidh sé a saotharlanna. Tá todhchaí iontach os comhair Eolaithe Óga an Ghaelcholáiste. Comhghairdeas leat a Thomáis! 

An Coiste Timpeallachta

Bhí an Coiste Timpeallachta gnóthach ag cur bolgán lus an chromchinn le cúpla lá anuas. Maith sibh go léir as an sár-obair atá á dhéanamh agaibh sa scoil.

Comhairle na nDaltaí 2019-20

Tá Comhairle na nDaltaí ag an Gaelcholáiste chun guth agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí uile na scoile. Bíonn beirt daltaí, buachaill amháin agus cailín amháin, ó gach rang ar an gcomhairle. Is iad na daltaí féin a thoghann na comhairleoirí ag tús gach scoilbhliain. Bíonn róil faoi leith le déanamh ag roinnt comhairleoir, mar shampla, cathaoirleach, leas-chathaoireach agus rúnaí. Bíonn an cathaoirleach i gceannas ar na cruinnithe agus tógann an rúnaí na miontuairiscí. Tugann an leas-chathaoirleach cabhair don chathaoirleach nuair is gá. Buaileann na comhairleoirí le chéile gach coicís chun tuairimí na ndaltaí a phlé agus imeachtaí scoile a eagrú. Tá clár agus miontuairiscí le fáil do gach cruinniú.
 
 

Student’s Council 2019-20

Our Student’s Council give a voice and support to all of our student body. Each class has two representatives, one male and one female, on the Council. The students themselves nominate their class representatives to the Council. Some members of the Council have specific duties, such as Chairperson, Vice-Chairperson and Secretary. The Chairperson co-ordinates and chairs the meetings, and the Vice-Chairperson assists the Chairperson in his/her duties. Our Student’s Council meet every two weeks to discuss all relevant matters and to help organise school activities. The Agenda and Minutes of all meetings are available to all students on request.