Clár na hIdirbliana
Déanann gach dalta cúrsa na hIdirbhliana agus iad sa cheathrú bhliain i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Tugann an Idirbhliain deis iontach do dhaltaí forbairt, fás agus bláthú i go leor slíte lasmuigh den seomra ranga. Cuirimid béim ar an bhforbairt pearsanta seo, araon leis an taobh acadúil sa bhliain. Tugaimid deis do dhaltaí níos mó a fháil amach fúthu féin trí Obair Dheonach agus Taithí Oibre a eagrú, Ceoldráma a dhéanamh, turasanna thar lear a eagrú, deiseanna a thabhairt páirt a ghlacadh in imeachtaí cosúil le Gaisce, ‘Future Leaders’ leis an CLG, YSI, agus go leor rudaí eile. Tugtar deis dóibh a scileanna féin-eagrú agus féin-fhoghlaim a fhorbairt le ríomhphunainn a úsáid freisin, agus níl aon dabht ach go gcuirfidh na scileanna a fhoghlaimítear san Idirbhliain go mór leis na daltaí agus iad ag dul isteach sa Chúigiú Bhliain.
Ábhair Lárnach Modúil
Gaeilge Staidéar Timpeallachta
Béarla Cothú
Mata Cócaireacht
Spáinnis Scileanna DIY
Fisic Fiontar
Ceimic Eolaíocht Spóirt
Bitheolaíocht Ealaín
Corpoideachas Teicneolaíocht
Teoiric Tiomána
Clár Cheannairí don Todhchaí CLG
Is clár traschuraclaim é Ceannairí don Todhchaí CLG – Clár na hIdirbhliana.
Tá 8 modúl sa chlár.
Tá fad éagsúil sna modúil, de ghnáth maireann siad idir 6-10 n-uaire
Seasann gach modúl leis féin agus is féidir teastas a bhronnadh ar mhodúl aonair. Tabharfaidh na daltaí faoi na modúil seo a leanas;
- FMS & Cóitseáil Iománaíochta/Peile
- Riarachán
- Iriseoireacht Spóirt
- Anailís Feidhmíochta
- Cothú
- Folláine
- Bainistíocht Imeachtaí
Chun go mbeidh fíorfhoghlaim ann, cuirfidh na daltaí na scileanna i bhfeidhm trí freastail ar chluichí agus eachtraí a eagrú. Cuirfidh siad go mór le hócáidí eile na scoile trí leas a bhaint as na scileanna nua seo.

Cúrsa Garchabhrach
Déanann an Idirbhliain cúrsa traenála garchabhrach mar chuid den chlár Forbair Pearsanta. I mbliana rinneadh é le grúpa ó Ionad Bhaile an Easa. Tréaslaimid le gahc éinne as a dteastas a fháil.
Surfáil
Cuireadh tús le modúil surfála na hIdirbhliana le déanaí ag Trá na hÍnse in Oirthear Chorcaí. Bhí tonnta agus aimsir den scoth againn ann agus bhain na daltaí sár-thaitneamh as an módúil.
Cúrsa Thiomána na hIdirbhliana
Chuaigh an Idirbhliain ar turas an-tairbheach go dtí an “Munster Driving Campus”. Deis a bhí ann dóibh foghlaim faoi scileanna tiomána agus fuair an grúpa neart deiseanna praiticiúla chomh maith i dtaobh na gníomhaíochtaí seo a leanas;
- Roth a athrú
- Tabhairt faoin Scrúdú Teoiric
- Inneal ghluaisteáin a mheas
- Tiomáint!
Turas go Londain
Thaistil an Idirbhliain ar fad go dtí Londain ar an gCéadaoin, an 21ú de Mhí na Samhna. Bhí lá lán ann, a thosaigh ar a cúig ar maidin agus a chríochnaigh nuair a d’fhilleadar arís roimh meánoíche. D’eitlíodar ó Chorcaigh go luath ar maidin agus chuadar ó Stansted caol díreach go dtí Músaem Stair an Dúlra. Ón bpointe sin rinne siad turas báid ar Abhainn an Thames agus ina dhiaidh sin, buachphointe an lae – ceoldráma Wicked san Apollo! Cinnte ní dhéanfaidh siad dearmad ar an turas go deo.
Thaisteal daltaí na hIdirbhliana go Valladolid sa Spáinn le déanaí. Bhí an turas seo mar chuid de chlár na hIdirbhliana dóibh, agus lean sé ar feadh sé oíche, áit ar fhan siad le teaghlaigh a bhí bainteach le Collegio Internacional de Valladolid i lár na Spáinne. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl acu bhí turasanna lae go Salamanca agus go Segovia, bhí Toraíocht Taisce timpeall Valladolid, agus ghlac siad páirt i gCeardlann Chócaireachta Spáinnise. Chaith siad lá ag freastal ar scoil ann chomh maith, áit a thapaigh siad an deis cúpla focail Gaeilge a mhúineadh do mhuintir Valladolid!! B’iontach an deis foghlama í do gach éinne. Hasta luego!!