Múineadh agus Foghlaim
Úsáidfear na straitéisí is nua-aimsearthaí teagaisc agus scoth na teicneolaíochta i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, chun tacú lenár ndaltaí foghlaim neamhspleách a dhéanamh i gcomhthéacs athchóirithe an Teastais Shóisearaigh. Is scoil iPad í Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, agus tá iPad ag gach dalta chun tacú lena gcuid foghlaim.
Leagfaidh daltaí amach a spriocanna foghlama féin agus glacfaidh siad páirt ina gcruinnithe tuismitheoirí féin.
Táimid, i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, ag feidhmiú i gcomhthéacs torthaí soiléire foghlama, agus eochair-scileanna an Teastais Shóisearaigh nua, atá leagtha amach thíos:
- Féin-bhainistíocht
- Sláinte
- Cumarsáid
- Cruthaitheacht
- Comhoibriú
- Bainistíocht eolais agus mhachnaimh
Cúrsaí atá ar fáil
- An tSraith Sóisearach
- An Idirbhliain
- An tSraith Shínsearach

Tá Ranna agus Foireann an Ghaelcholáiste le feiscint anseo;