Fuair Bord Oideachais agus Oiliúnt Chorcaí Cead Pleanála agus tosaíodh an tógáil go luath i mbliana. Beidh trí scoil lonnaithe ar an suíomh amháin ar Bhóthar Bhaile an Rí i gCarraig Uí leighin. Is iad na scoileanna atá i gceist ná Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Scoil Sonas. Tá an obair tógála faoi lán seoil faoi láthair agus beimid ag súil le bogadh ann sa chéad scoilbhliain eile. Cé go bhfuil tréimhse iontach caite againn i dTigh an Pháirc an Uisce, táimid ar bís don todhchaí agus na háiseanna den chéad scoth a bheidh againn. Tá pictiúirí breise le feiscint sa nasc thíos;

Pictiúirí