Bhí oiche den chéad scoth againn ag deireadh na bliana in Óstán na Cúirte I gCarraig Uí Leighin nuair a bhi Oíche na nGradam ar siúl. Is ócáid an-thábhachtach ar fhéilire na scoile í an oíche seo, agus i mbliana, bhí John Spillane linn mar aoí speisialta. Tréaslaimid le gach buaiteoir as an sár-obair a rinne siad i mbliana. Bhí sé soiléir go bhfuil caighdeán an-árd bainte amach ag na daoine seo agus bhí na gradaim seo tuillte go maith acu.