Tugtar tús áite do shláinte agus sabháltacht an pháiste i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Tá an tréadchúram mar bhunchloch an chórais tacaíochta agus, tuigimid gur tábhachtaí ar fad tacaíocht, dea-chomhairle agus timpeallacht cháirdiúil a chur ar fáil do dhaltaí agus iad ag gabháil trí bhlianta na déagóireachta. I dteannta na struchtúr foirmeálta, is cur chuige uile-scoile atá againn, agus tá ról lárnach ag gach ball foirne cur le timpeallacht tacúil na scoile.

Tá ár bPolasaí Tréadchúraim ar fáil ar an leathnach ‘Polasaithe agus Doiciméidí Scoile’ ar an suíomh seo.