Tá 10 mbiana ar an bhfód á chéiliúradh againn sa scoil i mbliana. Tá na míllte rudaí le céiliúradh againn. Táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach againn, idir foirgneamh álainn úrnua, foireann scoile den chéad scoth, daltaí eiseamlárach, gaiscí déanta san Eolaí Óig, ar na páirceanna spóirt, i ndíospóireachtaí agus le go leor rudaí eile. Deirtear “an té a chuireann san Earrach, baineann sé sa bhFómhar”, agus is fíor san lenár scoil. Cuireadh bunchloch láidir sa scoil ón gcéad lá, agus dá bharr san, tá fós an árdchaighdeán céanna i ngach aon ghníomh a dhéanaimid. Comhghairdeas le gach éinne a thaisteal cuid den aistear linn, agus táimid ag súil le deich mbliana eile d’fhás agus d’fhorbairt i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin.
Bhí ócáid álainn againn ar an 15ú Nollag 2025 chun ár 10 mbliana ar an bhfód a chéiliúradh. Tháinig an Taoiseach, Micheál Martin ar chuairt ar an lá. D’aithin sé an sárobair a bhí déanta ar an aistear againn, agus an sárchaighdeán a bhí le feiscint i rith na hócaide féin. Bhí na daltaí lárnach i ngach aon chuid den céiliúradh, le gach blianghrúpa i láthair sa halla, agus iad páirteach sna gníomhaíochtaí go léir a bhí ar siúl. Bhí ceol dochreidte álainn le chlos ar an lá, agus cúis bhród do gach éinne a bhí i láthair ceolfhoireann na scoile a bheith ag seinm ag ócáid scoile tabhachtach mar seo. Bhí spioraid na scoile an-shoiléir, agus pobal na scoile bailithe le chéile inár bhfoirgneamh álainn, agus an grian ag taitneamh orainn in Ard na Cloiche!