Tá fíor Eolaí Óg ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin anois tar éis dhá ghradam a bhuachaint ag an gcomórtas i mBaile Átha Cliath ar an Aoine! Bhain Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin dhá dhuais mhór amach ag taispeántas an Eolaí Óg & Teicneolaíochta an tseachtain seo caite. Bhuaigh Tomás Ó Cróinín, dalta sa tríú bliain, an chéad áit sa roinn Teicneolaíochta Idirmheánach agus gradam ar leith ó “Intellectual Ventures”. Rinne Tomás a thionscnamh ar dhordán agus an t-ualach atá siad in ann iompar. Thosaigh an obair seo anuraidh, nuair a lorg Tomás gaoth-thollán sa cheantar chun a thurgnaimh a dhéanamh. Faraor, ní raibh gaoth-thollán mór go leor go háitiúil chun a thurgnaimh a dhéanamh. Níor chuir sé seo isteach air agus thóg sé gaoth-thollán sa bhaile! Tar éis na míosa a chaitheamh air agus neart constaicí, thosaigh sé ag déanamh na turgnaimh lena dhordán a bhí oiriúnaithe aige féin. Léirigh a thorthaí go bhféadfadh a dhordán ualach níos mó a iompar agus taisteal níos faide, trí sciathán breise a chuir ar an dordán. Toradh an-dearfach a bhí ann. Beidh an deis ag Tomás anois taisteal go Seattle, áit ina bhfuil an comhlacht Intellectual Ventures lonnaithe, áit ina mbuailfidh sé lena n-aireagóirí agus ina bhfeicfidh sé a saotharlanna. Tá todhchaí iontach os comhair Eolaithe Óga an Ghaelcholáiste. Comhghairdeas leat a Thomáis!