Clár na hIdirbliana
Déanann daltaí na ceathrú bliana cúrsa na hIdirbhliana i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Is bliain roghnach é. Tugann an Idirbhliain deis iontach do dhaltaí forbairt, fás agus bláthú i go leor slíte lasmuigh den seomra ranga. Cuirimid béim ar an bhforbairt pearsanta seo, araon leis an taobh acadúil sa bhliain. Tugaimid deis do dhaltaí níos mó a fháil amach fúthu féin trí Obair Dheonach agus Taithí Oibre a eagrú, Ceoldráma a dhéanamh, turasanna thar lear a eagrú, deiseanna a thabhairt páirt a ghlacadh in imeachtaí cosúil le Gaisce, YSI, agus go leor rudaí eile. Tugtar deis dóibh a scileanna féin-eagrú agus féin-fhoghlaim a fhorbairt le ríomhphunainn a úsáid freisin, agus níl aon dabht ach go gcuirfidh na scileanna a fhoghlaimítear san Idirbhliain go mór leis na daltaí agus iad ag dul isteach sa Chúigiú Bhliain.
Tá clár iomlán na hIdirbhliana le feiscint anseo; Clár na hIdirbhliana
| Ábhair Lárnach | Modúil | Ábhair Blaiseadh |
| Gaeilge | Inbhunaitheachais | Fisic |
| Béarla | Scileanna Barista | Ceimic |
| Mata | Scileanna DIY | Bitheolaíocht |
| Spáinnis | Fiontar | Corpoideachas na hÁrdteiste |
| Corpoideachas | Eolaíocht Spóirt | Stair |
| OSPS | Scileanna Uimhearthachta | Tíreolas |
| Gaeilge labhartha | Ríomheolaíocht | |
| Drámaíocht | Gnó | |
| Cúntasaíocht | ||
| Ealaín | ||
| Ceol | ||
| Staidéar Foirgníochta | ||
| Innealtóireacht | ||
| Eacnamaíocht Bhaile |
Ábhair Lárnach Modúil
Gaeilge Staidéar Timpeallachta
Béarla Cothú
Mata Cócaireacht
Spáinnis Scileanna DIY
Fisic Fiontar
Ceimic Eolaíocht Spóirt
Bitheolaíocht Ealaín
Corpoideachas Teicneolaíocht
Teoiric Tiomána