Reic Cístí 2017-18

Míle buíochas le Coiste na dTuistí a d’eagraigh Reic Cístí ar an 23ú Márta. Buiochas mór chomh maith leo siúd a rinne bácáil don ócáid, agus leo siúd a chabhraigh ar an lá. Ní neart go cur le chéile. D’éirigh leo breis is 439 euro a bhailiú ar an lá, agus úsáidfear an t-airgead seo le haghaidh imeachtaí Idirbhliana.

 Siúlóid 5km Choiste na dTuistí

Míle buíochas le Coiste na dTuistí a d’eagraigh siúlóid 5KM do phobal na scoile. D’fhágamar an scoil ar a leath uair tar éis a naoi ar an Satharn, an 6ú Deireadh Fómhair agus shiúil daltaí, a gcairde, a dtuismitheoirí agus a madraí(!) chomh maith i dtreo Bun an Tabhairne agus thar n-ais. Bhí torthaí, milseáin agus uisce ar fáil do chách nuair a d’fhilleamar.

Ócáid iontach a bhí ann a chuir cúrsaí folláine agus pobal na scoile chun cinn.

Táimid ag súil leis an gcéad cheann eile.