Bhí lá álainn ag an gCéad Bhliain ag Zipit ar an Aoine, an 29ú Lúnasa. Deis iontach a bhí ann dóibh aithne a chur ar a chéile, agus ar a muinteoirí. Bhí go leor spraoi agus craic acu ann, agus thángadar go léir abhaile traochta!! Tús maith leath na hoibre, agus tá sé soiléir go bhfuil tús maith curtha leis an gCéad Bhliain acu.