Is meánscoil lán ghaelach í Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin atá faoi phatrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí. Cothaítear meas, ionracas agus cothromaíocht i measc phobal uile an Ghaelcholáiste a bhuíochas leis an mbéim a leagan ar iompar dearfach, an timpeallacht lán-Ghaelach agus an dianobair.

An aidhm atá ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin ná a bheith ina gceannródaithe oideachasúla a rachaidh le rath na nua h-eacnamaíochta Ghaelacha, ag neartú gach gné den mhúinteoireacht, d’ fhoghlaim agus de bhainistíocht na scoile le teicneolaíochta nua-aimseartha. Spreagtar na múinteoirí an caighdeán oibre agus iompair is airde a fháil ó na mic léinn agus a bheith i mbun múinteoireachta a thugann dúshlán do gach mac léinn barr a gcumas a bhaint amach.

 

 

 

 

 

Turas Leabharlainne Chéad Bhliana

Thaisteal an Chéad Bhliain go dtí Leabharlann Carraig Uí Leighin le déanaí, áit a raibh an deis acu buaileadh leis an t-údár áitiúil Janet O'Leary. Bhaineadar an-thaitneamh as an turas.

Turas Treabhdóireachta na hIdirbhliana

Bhí lá iontach ag an Idirbhliain ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta le déanaí. In ainneoinn an turas fada, bhí an-spraoí agus spóirt acu ann, agus d'fhoghlamaíodar an t-uafás faoi saol an feirmeora ann!!

Geansaithe Spóirt Nua

Táimíd fíorbhuíoch leis an Food Village as ucht an urraíocht a rinneadar ar gheansaithe spóirt na mbuachaillí le déanaí. Táimid ag súil go mór le iad a chaitheamh, agus tá súil againn go mbeidh go leor laethanta rathúil againn leo!!

Turas Chéad Bhliana go Zipit

Bhí lá álainn ag an gCéad Bhliain ag Zipit ar an Aoine, an 29ú Lúnasa. Deis iontach a bhí ann dóibh aithne a chur ar a chéile, agus ar a muinteoirí. Bhí go leor spraoi agus craic acu ann, agus thángadar go léir abhaile traochta!! Tús maith leath na hoibre, agus tá sé...

Céad míle fáilte roimh daltaí na Chéad Bhliana

Chuireamar fáilte roimh ár ndaltaí Chéad Bhliana ar an 25ú Lúnasa. Guímid gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin aistear speisialta seo linn. Bainigí súp as a dhaltaí!!

Bua Iontach ag an bhFoireann Sinsear Camógaíochta

Bhí bua den chéad scoth ag an bhfoireann sinsear camógaíochta i gcluiche cheannais an chontae ar an 26ú Samhain. D'imríodar in aghaidh Coláiste Muire Réalt na Mara, Bun an Tabhairne sa cluiche sin. Cluiche an-chóngarach agus cothrom a bhí ann le árdchaighdeán scil á...

Lá na dTorthaí

Comhghairdeas lenár ndaltaí áille a fuair Torthaí na Sraithe Sóisearaí ar an 9ú Deireadh Fomhair. Clochmhíle mór bainte amach acu anseo. Guímid gach rath orthu sna blianta amach rompu.

Lá den Chéad Scoth ag an Idirbhliain in Hell and Back

Bhí lá dochreidte de sparoí agus spóirt ag an Idirbhliain i gCill Mhantáin le déanaí nuair a chaitheadar an Lá ag Hell and Back. Tá sé soiléir ó na pictiúirí go raibh go leor craic acu, agus iad ag obair ar a scileanna foirne agus ag déanamh cairde nua.
Gaelcholaiste Prospectus 2025-26